Heinrich Zimmer

Ollamh agus Ceiltíoch Gearmánach ba ea Heinrich Friedrich Zimmer (11 Nollaig 1851 – 29 Iúil 1910).

Rugadh é i dteaghlach feirmeoireachta in Kastellaun, Rheinland-Pfalz in iarthar na Gearmáine. Rinne sé staidéar ar theangacha ársa in Ollscoil Kaiser Wilhelm in Strasbourg, agus ina dhiaidh sin, ar an Ind-Eolaíocht agus an tSanscrait faoi stiúir Rudolf von Roth in Ollscoil Tübingen. Sa bhliain 1878, fuair sé post mar léachtóir in Ollscoil Friedrich Wilhelm i mBeirlín, áit a ndearna Ferdinand de Saussure staidéar in éineacht leis; in 1881 rinneadh Ollamh le Sanscrait agus Teangeolaíocht Chomparáideach de in Ollscoil Greifswald. In 1901, ceapadh é mar an chéad Ollamh le Ceiltis in Ollscoil Friedrich Wilhelm, an chéad phost dá leithéid in aon ollscoil sa Ghearmáin; ba é Rudolf Thurneysen an mac léinn ba chlúití dá chuid ann. (Tháinig Kuno Meyer i gcomharbas air tar éis bhás Zimmer in 1910.) In 1902 toghadh é ina bhall d'Acadamh Eolaíochtaí na Prúise, agus in 1906 ina bhall comhfhreagrach d'Acadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí na Baváire. In 1910, agus é ag fulaingt ó ghalar doleigheasta, bháigh sé é féin. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 2 toradh á dtaispeáint as 2 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Zimmer, Heinrich', am iarratais: 0.01s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    de réir Zimmer, Heinrich
    LEABHAR
  2. 2
    de réir Zimmer, Heinrich
    Foilsithe / Cruthaithe 2008
    LEABHAR