Adam Smith
Eacnamaí agus fealsamh Albanach ab ea Adam Smith (5 Meitheamh 1723 (baisteadh) - 17 Iúil 1790 i nDún Éideann).Tá cáil air mar gheall ar a leabhar clúiteach ''The Wealth of Nations'' (1776), 'biobla na heite deise agus chaipitleachas an tsaormhargaidh', a deir lucht na heite clé. Ach leag sé amach bunphrionsabail na heacnamaíochta, ina measc,
* 'an lámh dhofheicthe', agus ar thóir na féinleasa * laissez-faire, nó idirghabháil teoranta an rialtais, * saorthrádáil, agus mar sin de.
Scríobh Smith fealsúnacht chomh maith, agus is é ''The Theory of Moral Sentiments'' an leabhar is cáiliúla dá chuid. Arna chur ar fáil ag Vicipéid