File agus scríbhneoirSpáinneach ab ea Juan Ramón Jiménez Mantecón (23 Nollaig1881 – 29 Bealtaine1958). Do rugadh é ar an 23ú lá de mhí na Nollag i gcathair Moguer na Spáinne agus do fuair sé bás ar an 29ú lá de Bhealtaine i San Juan, príomhchathair Phórtó Ríce. Do bhí sé ar deoraíocht ón bhliain 1936 amach, bliain a d'fhágadar eisean agus a bhean chéile a dtír dhúchais toisc gur sheasadar in aghaidh réimis den Ginearál Franco.