Gabriel García Márquez
Scríbhneoir ón gColóim ba ea Gabriel García Márquez, nó ''Gabo'', (6 Márta 1927 – 17 Aibreán 2014) agus é ar dhuine de na scríbhneoirí is mó le rá i Meiriceá Theas. Scríobh sé idir úrscéalSaolaíodh ar an 6 Márta 1928 in Aracataca i gCúige Magdalena sa Cholóim é. Ach is i Meicsiceo agus san Eoraip a chaith sé cuid mhór dá shaol. Deirtear gurbh eisean ba mhó a chuir an réalachas draíochta os comhair na ngnáthléitheoirí. Is é tuairim na saineolaithe gurbh iad Márquez, Jorge Luis Borges, agus Julio Cortázar an triúr údar is mó i litríocht Mheiriceá Theas sa fichiú haois. Arna chur ar fáil ag Vicipéid