Umberto Eco
Scríbhneoir agus scoláire ab ea Umberto Eco, a rugadh i mbaile beag darbh ainm Alessandria i bPiemonte na hIodáile ar an 5 Eanáir 1932 agus a d'éag ar 19 Feabhra 2016 i Milan. Le linn an Dara Cogadh Domhanda thug a mháthair go sráidbhaile sna sléibhte é le héalú ón chogaíocht. Theastaigh óna athair, cuntasóir, go mbeadh sé ina dhlíodóir, agus cuireadh go hollscoil Torino é, ach d'éirigh sé as an dlí. Rinne sé staidéar ar fhealsúnacht agus ar litríocht na meánaoiseanna, agus ghnóthaigh sé céim dochtúra le tráchtas faoi Thomas Aquinas i 1954.Chaith Eco tamall ag obair le stáisiún raidió/teilifíse "Radiotelevisione Italiana", agus é ina léachtóir in Ollscoil Torino ag an am céanna. Foilsíodh a chéad leabhar, ''Il Problema Estetico di San Tommaso'', a bhí bunaithe ar a thráchtas, i 1956. B'éigean dó éirí as a chuid oibre mar eagarthóir teilifíse mar gheall ar ualach a chuid oibre mar léachtóir, ach níorbh fhada go raibh sé ina eagarthóir neamhficsin i gcomhlacht foilsitheoireachta Casa Editrice Bopani i Milano, post a bhí aige ó 1959 go 1975. Chaith sé na blianta fada ina ollamh le séimeolaíocht in Ollscoil Bhologna.
D'fhoilsigh sé an-chuid aistí faoi litríocht na meánaoiseanna, go háirithe teoiric agus cleachtadh na litríochta. Chuir sé an-bhéim ar thábhacht an léitheora don saothar scríofa.
Ach tá cáil dhomhanda Eco bunaithe ar a chuid úrscéalta, go háirithe ''Il Nome della Rosa'' (1980), (Ainm an Róis) a raibh an-ráchairt air ar fud an domhain, go háirithe nuair a rinne scannán Béarla de faoin ainm ''The Name of the Rose'', leis an aisteoir clúiteach Seán Connery i bpáirt manaigh a bhí ag fiosrú dúnmharaithe i mainistir.
Bronnadh gradaim gan áireamh ar Eco in ollscoileanna ar fud an domhain. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 11 toradh á dtaispeáint as 11 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Eco, Umberto 1932-', am iarratais: 0.02s
Beachtaigh na torthaí
-
1de réir Eco, Umberto 1932-
Foilsithe / Cruthaithe 2015Gairmuimhir: Ag lódáil…
Suíomh: Ag lódáil…LEABHAR Ag lódáil… -
2de réir Eco, Umberto, 1932-2016
Foilsithe / Cruthaithe 1988Gairmuimhir: Ag lódáil…
Suíomh: Ag lódáil…Trealamh Ag lódáil… -
3de réir Eco, Umberto, 1932-2016
Foilsithe / Cruthaithe 2010Gairmuimhir: Ag lódáil…
Suíomh: Ag lódáil…LEABHAR Ag lódáil… -
4de réir Eco, Umberto, 1932-2016
Foilsithe / Cruthaithe 2008Gairmuimhir: Ag lódáil…
Suíomh: Ag lódáil…LEABHAR Ag lódáil… -
5de réir Eco, Umberto 1932-2016
Foilsithe / Cruthaithe 1985Gairmuimhir: Ag lódáil…
Suíomh: Ag lódáil…Trealamh Ag lódáil… -
6de réir Eco, Umberto, 1932-2016
Foilsithe / Cruthaithe 1990Gairmuimhir: Ag lódáil…
Suíomh: Ag lódáil…LEABHAR Ag lódáil… -
7de réir Eco, Umberto, 1932-2016
Foilsithe / Cruthaithe 2001Gairmuimhir: Ag lódáil…
Suíomh: Ag lódáil…Trealamh Ag lódáil… -
8de réir Eco, Umberto, 1932-2016
Foilsithe / Cruthaithe 1989Gairmuimhir: Ag lódáil…
Suíomh: Ag lódáil…Trealamh Ag lódáil… -
9de réir Eco, Umberto 1932-2016
Foilsithe / Cruthaithe 1985Gairmuimhir: Ag lódáil…
Suíomh: Ag lódáil…Trealamh Ag lódáil… -
10de réir Eco, Umberto, 1932-2016
Foilsithe / Cruthaithe 2012Gairmuimhir: Ag lódáil…
Suíomh: Ag lódáil…Trealamh Ag lódáil… -
11de réir Eco, Umberto 1932-2016
Foilsithe / Cruthaithe 1999Gairmuimhir: Ag lódáil…
Suíomh: Ag lódáil…LEABHAR Ag lódáil…
Uirlisí cuardaigh:
Faigh fotha RSS
–
Seol an cuardach seo mar r-phost

