Charles Dickens

Ba é Charles John Huffam Dickens (7 Feabhra 1812 - 9 Meitheamh 1870) an scríbhneoir Béarla ba mhó le rá sa ré Victeoiriach. Scríobhadh sé úrscéalta lán daoine as an ngnáth agus imeachtaí barrúla, agus é á bhfoilsiú i bhfoirm sraithe. Scríbhneoir mór-ráchairte a bhí ann lena linn féin, agus ní dheachaigh a chuid leabhar as cló riamh i ndiaidh a bháis ach an oiread.

Cuireadh Gaeilge ar thrí úrscéal le Dickens. Ba é Seán Mac Maoláin a d'aistrigh ''A Tale of Two Cities'' faoin teideal ''Scéal fá Dhá Chathair'' (is é sin, ''Scéal faoi Dhá Chathair'' sa Chaighdeán), agus chuir Seán Ó Ruadháin Gaeilge ar ''David Copperfield''. Bhí Gaeilge Uladh ag aistritheoir an chéad leabhar acu, agus ba as Contae Mhaigh Eo don Ruadhánach, rud a chiallaíonn go bhfuil an dá aistriúchán Gaeilge difriúil go leor le chéile ó thaobh na canúna de. D'aistrigh An tAthair Pádraig Ua Duinnín an leabhar ''A Christmas Carol'' faoin teideal Duan na Nollag. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 4 toradh á dtaispeáint as 4 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Dickens, Charles', am iarratais: 0.01s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    de réir Dickens, Charles
    LEABHAR
  2. 2
    de réir Dickens, Charles
    LEABHAR
  3. 3
    de réir Dickens, Charles
    LEABHAR
  4. 4
    de réir Dickens, Charles 1812-1870
    Foilsithe / Cruthaithe 1982
    Trealamh