Scríbhneoir Albanach ab ea Thomas Carlyle a rugadh in Eaglais Fheichein, Dùn Phris, Albain ar an 4 Nollaig1795 agus a fuair bás ar an 5 Feabhra1881 i Londain, Sasana. Fealsamh, scríbhneoir aoire, aistí, aistritheoir, staraí, matamaiticeoir agus múinteoir a bhí ann. Áirítear é mar dhuine de phríomhthráchtairí sóisialta a linne. Is iomaí léacht dár thug sé san aois Victeoireach a fuair fáilte is moladh óna lucht éisteachta. Saothar cáiliúil leis a d'eascair as ceann de na léachtanna úd ná ''On Heroes, Hero-Worship, and The Heroic in History'' ina maíonn sé go bhfuil a leithéid agus "Fear Mór" ann a bhfuil tábhacht stairiúil leis: "History is nothing but the biography of the Great Man". Carlyle an duine a bhaist "an eolaíocht dhuairc" ar
an eacnamaíocht.
Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 1 toradh á dtaispeáint as 1 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Carlyle, Thomas', am iarratais: 0.01s
Beachtaigh na torthaí